Maidin sheaca ghabhas amach
Is bhí seál póca romham ar sceach
Rugas air le cur im phóca
Ach sciorr sé uaim mar bhi sé reoite:
Ní héadach beo a léim óm ghlaic
Ach rud fuair bás aréir ar sceach:
Is siúd ag taighde mé fé m’intinn
Go bhfuaireas macasamhail an ní seo–
Lá dár phógas bean dem mhuintir
Is í ina cónra reoite, sínte
D'fhás an oighear ar mhéaraibh crann
Stad na h-uiscí i gcroí na h-abhann
Ghlaoidh guth an bhfiach dubh
Ó imeall gleann
Is thuirling Spideog ar ghualann cam
Ní héadach beo a léim óm ghlaic
Ach rud fuair bás aréir ar sceach:
Is siúd ag taighde mé fé m’intinn
Go bhfuaireas macasamhail an ní seo–
Lá dár phógas bean dem mhuintir
Is í ina cónra reoite, sínte
[00:22.50]Maidin sheaca ghabhas amach
[00:33.41]Is bhí seál póca romham ar sceach
[00:48.08]Rugas air le cur im phóca
[01:01.12]Ach sciorr sé uaim mar bhi sé reoite:
[01:19.08]Ní héadach beo a léim óm ghlaic
[01:30.33]Ach rud fuair bás aréir ar sceach:
[01:40.04]Is siúd ag taighde mé fé m’intinn
[01:45.79]Go bhfuaireas macasamhail an ní seo–
[01:55.00]Lá dár phógas bean dem mhuintir
[02:10.83]Is í ina cónra reoite, sínte
[02:27.08]
[02:59.37]D'fhás an oighear ar mhéaraibh crann
[03:09.66]Stad na h-uiscí i gcroí na h-abhann
[03:23.16]Ghlaoidh guth an bhfiach dubh
[03:28.08]Ó imeall gleann
[03:36.20]Is thuirling Spideog ar ghualann cam
[03:52.29]Ní héadach beo a léim óm ghlaic
[04:02.45]Ach rud fuair bás aréir ar sceach:
[04:11.50]Is siúd ag taighde mé fé m’intinn
[04:17.00]Go bhfuaireas macasamhail an ní seo–
[04:25.75]Lá dár phógas bean dem mhuintir
[04:41.87]Is í ina cónra reoite, sínte